Tograítear coiste nua gach bliain. De gnáth reachtálfar Cruinniú Chinn Bliana i mí Meanfómhair/Deireadh Fómhair. Tugann an Coiste an-tacaíocht don scoil. Tá an Choiste comhceangailte le Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí. Tá fáilte roimh gach tuismitheoir bheith páirteach sa choiste.

Tugann an Coiste tacaíocht don scoil. Bíonn cruinniú acu uair amháin in aghaidh na míosa. Cuirtear clár abhaile roimh an cruinniú agus coimeadtear miontuairiscí. Tá cúntas bainc faoi leith ag an gCoiste.

Faigheann an scoil moltaí, comhairle agus eolas faoi polasaithe agus nósanna imeachta na scoile.

Seo na céimeanna má tá aon deacracht ag tuismitheoirí.

  • Céim 1: Déan teagmháil leis an muinteoir Ranga agus muna bhfuil réiteach faighte téigh ar aghaidh chuig céim 2
  • Céim 2: Déan teagmháil leis an bPríomhoide – muna bhfuil réiteach faighte téigh ar aghaidh chuig céim 3
  • Céim 3: Déan teagmháil leis an gCathaoirleach

Má dhéanann tuismitheoirí gearán chuig an choiste cuirfear a próiseas seo i gcuimhne dóibh.